top of page
19th Jan 2016 to packys lough 998.JPG
Tá togra Caomhnú Árann ag obair in éineacht le 127 feirmeoir ar thrí Oileán Árann le dul i ngleic le roinnt de na nithe a chuireann isteach ar choinníoll na gnáthóga féarthailte speiceas-shaibhir. Braitheann na féarthailte seo ar léibhéil sásúil innilt a fhaigheann réidh leis an fásra atá ann, a thugann seans do bhláthanna fiáine, cíbe agus féaranna fás. De thoradh ar cheal innilt  scaipeann scrobarnach agus tagann laghdú ar an mbithéagsúlacht iomlán. Cuireann easpa áiseanna uisce teorainn le féarach barrmhaith, mar sin tá an togra ag obair in éineacht le feirmeoirí chun líon na tancanna uisce a mhéadú, rud a chabhraíonn le féarach a fheabhsú. Gné eile den obair atá ar bun ag feirmeoirí ná fáil réidh le scrobarnach atá ag scaipeadh, agus ina dhiaidh sin innilt sásúil a chabhraíonn le filleadh féarthailte speiceas-shaibhir. Trialfaidh Caomhnú Árann trí úsáid cianbhraiteacht, aerfótagrafaíocht agus píosaí scannánaíochta dróin, trí ghnáth griangrafadóireacht agus íomhanna ilspeictreach, féiceáil an féidir an teicneolaíocht seo a úsáid chun na léibhéil éagsúla de choinníoll na féarthailte a mheas, agus é seo a úsáid mar pháirt de chóras scórála simplí spriocbhunaithe a d’fhéadfaí a úsáid i gcláir comhshaoil-talmhaíochta amach anseo. Is clár páirtíochta is ea Caomhnú Árann in éineacht le feilmearaí na n-oileán, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Teagasc, An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Fáilte Éireann (NPWS) agus Fáilte Éireann, a faigheann cómhaoiniú ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ón AE.
NATURA2000_2020_sticker%20finalist.png
NATURA2000_2020_sticker%20finalist.png
bottom of page